Seachtain na Gaeilge

Bhí craic iontach sa scoil i Mí an Mhárta do Sheachtain na Gaeilge – ceiliúradh iontach dár gcultúr a bhí ann idir ceol, damsha is spraoi. 

D’eagraigh muid céilí leis an chéad bhliain sa halla. Chruthaigh an Idirbhliain cartaí comhrá do phobal na scoile agus bhí go leor ag baint úsáid astu chun a gcúpla focal a chleachtadh. Bhí neart craic sna ranganna ag imirt biongó, ag cruthú postaer agus cártaí, agus bhí tráth na gceist sna ranganna freisin. 

Bhí neart duaiseanna ar fáil do na buaiteoirí. 

Bhí Comórtas na nDoirse eagraithe chomh maith agus bhí an bua ag Seomra 13. Comhghairdeas le Rang McCourt agus a múinteoir Ms Coll, a mhaisigh an doras is fearr. Míle buíochas le Sharon & Cathal, a rinne jab ar dóigh mar mholtóirí.

Ár mbuíochas leis na daltaí ar fad a rinne a ndícheall agus a bhain sult as na himeachtaí go léir.

An Ghaeilge – beatha teanga í a labhairt!

You may also like...